School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 253

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 253

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 253
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí cailín ann uair, agus nuair a rugadh í dubhairt scoláire bocht rud éigin nár thaitin le muintir an tighe mar gheall ar an leanbh.

    (continued from previous page)
    arsa seisean "tá na trí neithe san ionnatsa, agus fágann san saor tú."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Dá mbuaileadh ciaróg leis na sean daoine, do mharbhochaidís é.

    Dá mbuaileadh ciaróg leis na sean daoine, do mharbhochaidís é. B'é an cúis a bhí aca le sin ná gur chreideadar go mbeadh seacht bpeacaí mharbhthacha maithte dhóibh toisg á dhéanta-san. Nuair a bhíodh ciaróg marbh ag duine deireadh sé "mo peacaí féin ort peacaí m'athar agus mi mháthar, agus peacaí an tsaoghail go léir. Do réir na sean daoine, b'é an fáth go mbíodh agus go mbíonn is dócha da réir nuair bhí Ár Slánuightheóir ar teicheadh, do ghaibh Sé thar páirce go raibh fear ann ag cur coirce. Dubhairt Ár Slánuightteoír leis an bhfear go ndéanfadh sé fásta, aibidh an choirce agus á rádh leis na lúdaigh a bhí ar A lorg, gur ghaibh Sé féin an treó nuair bhí an choirce sin á chur. Do dhein se an coirce a bhí ag an bfhear 'á chur d'aibiú. I gcionn seachtmhaine do ghaibh na lúdaigh an treó san, agus d'fiafruigheadar de'n bhfear ar ghaibh Ár Slánuightheóir an treó. Dubhairt sé gur ghaibh sé an treó nuair a bhí an choirce san á chur aige féinig. Dubhairt na lúdaigh go raibh an choirce sin aibidh agus is
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish