School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 274

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 274

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 274
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí bean in aice an Chorráin fadó agus do fuadaigheadh í.

    (continued from previous page)
    seacht mbliadhna. Chuaidh a h-athair a bhí marbh fé'n a déin agus dubhairt se léi beith ullamh an lidhche seo áirighthe, agus go mbéarfadh sé féin abhaile í. Dubhairt sé léi leis, gan aon phingin tuarastail do thógaint, ach nách mór di balcais eadaigh do thógaint. D'innis sí dá máighistir go mbeadh sí ag dul abhaile ist oidhche amáirigh. "Má tair" arsa seisean "tabharfadsa do tuarastal duit". Ní "thóghfad aon tuarastal uait acht ní mór dom clúdach na gcnamh d'fhághail' arsa sise. Chuaid sé go dtí an siopa agus do cheannuigh sé culaith éadaigh di. Tháinig an t athair san am go ndúbhairt sé, agus do rug sé leis í. Nuair a thanadar go Cathair Saidhbín, d'fhiafruigh sé dhí an raibh fhios aici cá raibh sí agus dúbhairt sí ná raibh. Nuair a thanadar go Cill Comáin, ansan do cuimhnigh sí ar a baile. Nuair a thainig sí isteach ní raibh aon aithne ag a fear uirthi ach mar sin féin do thug sé lóistín na h-oidhche dhi. Ar maidin amáireach bhí plainnín 'á fearradh ag an mhnaoi, do caitheadh in a h-ionad. D'iarr sí guna de'n phlainn=ín ortha, agus ba gearr gur eirigh sí níos danaighe ar gnóthaí an tíghe. B'é deire an sgeil gur cuir sí fan is rith is ithe na bprátaí cur ar an mhnaoi eile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Tá áit in aice leis an gCorráin ar a dtugtar Comán.

    Tá áit in aice leis an gCorráin ar a dtugtar Comán. B'é an fáth gur tugadh an t-ainm sin air ná:- Nuair do sgéithidh an tobar draoideachta a bhí in áit éigin tímcheall na h-áite sin bhí buachaillí ag iomáuideacht, nuair a connacadar cúcha, do caitheadar uatha na comáin, agus do ritheadar leo féinigh. Do bhí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish