School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. M. de Lourdes Stac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cuirtí an síol lín idir dhá thaobh lae Bealtaine. Bhéadh sé ag fás go breágh annsan agus théigheadh na daoine gur leó í fé a déín go minic agus phriocaidís aon ruaine salachair - fiaile nó aon nidh de'n tsórd san a bhíodh ag fás tríd. Bainntí annsan é amach san bFhoghmhar agus bhíodh sé go deas glan gan aon phlannda eile i-n aice leis. Deintí punainn de, agus ceangailtí é ar nós an coirce. Dheití na punainn do chomhaireamh annsan agus caithtí isteach i bpoll portaigh iad agus cuirtí sgrathanna anuas air i slighe is ná feiceadh sé grian ná fearthainn. D'fhanadh sé annsan go ceann tamaill, agus i gcionn naoi nó deich de laetheanta, tógtaí amach í agus deintí í do leathadh amach ar an sléíbh. Ní leagadh an duine a bhíodh á leathadh aon sop de i-n achrann le chéile. Bhíodh sé chómh geal le plúr i gcionn tamall ina dhiaidh sin. Deintí í do bhailú annsan agus tugtaí abhaile i dtéádaibh í. Caithtí ináirde ar an iochta é agus d'fhanadh sé annsan go deire mí Shamhna nó mar sin nuaira bhíodh neart ag an mnaoi tighe a lámh do chur ann.Glaodhtaí ar mhnáíbh an bhaile agus gheibhidís sin clocha cruinne agus chuiridís an líon anuas ar na clochaibh seo agus bhídís 'á bhualadh is 'á mheilt le tuairgíní - siad san saghas maidí(continues on next page)