School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An Br. B. L. Mac Eoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 440

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 440

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 440
  3. XML “Seanliosanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí triur fear ag filleadh abhaile on aonach oidhche, Oidhche Shamhna abhí ann, agus bhí solas aca. Chonnacadar duine 'na shuidhe ar fhalla an leasa agus dhruideadar anonn cuige. Chuireadar ceist éigint air ach má dhéin scein sé as a radarc. D'fhéach an triúr isteach thar an bhfalla ach má dhein chualadar glór ait agus tháinig lasrach mór anios ar an lios agus marbhuigheadh and triúr. Ní raibh tásc ná tuairisc a gcorp an maidin inadhiaidh sin.

    Tobar na Sidhe
    Tá tobar suidhte amuigh i gCill Oigh agus tugtar Tobar na Sidhe air. Bhí fear cun tig do thógaint uair amháin agu ní raibh aon áit oireamnach aige ach an áit 'na raibh an tobar. Clúduig sé an tobar le cré agus thosnuig sé ar an tigh do thógaint. Tháinig gach mí-ádh air annsan - bhí an aimsir go dona agus ní raibh an obair críochnuighthe go ceann naoi mí.(?) Chuir sé féin agus a chlann fé ann annsan ach buaileadh an mac ba shine tinn agus cailleadh é. Ba ghearr go raibh triúr dá chlann marbh ach ní fhágfadh sé an tig. Sciobadh an bhean uaidh annsan. Ní raibh aige annsan ach beirt ingean agus mac. Cailleadh é féin go h-obann. Theit an bheirt cailín agus an buachaill as an tig annsan
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Síothcháin
    Gender
    Male
    Informant
    Bean an Bhreathnaigh
    Gender
    Female
    Address
    Top Street, Co. Kerry