School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An Br. B. L. Mac Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
- XML Page 466
- XML “Salann”
- XML “Súdaireacht”
- XML “Ropadóireacht”
- XML “Súgáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nuair abhíodh riar a gcás feín de aca chuiridís i leath thaobh é agus annsan dheinidis roinnt eile agus dhíolaidís san mbaile é.
(Proinsías O'Braonáin ón t-Sráid Nua) - Deintí roinnt maith leathair san mbaile seo fadó. B'iad muinntir Mic Carthaig ba mhó a bhíodh ag gabáilt do. Cheannuighidis na seithí ós na feirmeoirí gach lá aonaigh
- Dheinidis a gcuid teádaibh féin as earball na mbó agus as muing na gcapall. Bhíodh siad i bhfad níos fearr ná na téada atá le fáil anois.
(B'é Mícheál O'Murchadha ó Rinn-Árd, Cathair Saidhbhín a fuair an t-eolas seo ona athair féin) - Tá an ceard seo imthighthe anois beagnach. As fionnáin nó eascar sléibhe a deintí na súgáin. Bhíodh duine á leagaint agus duine eile ar aghaidh amach á gcasadh le cruacán. B'shin sort uirlis le gob d'admaid agus cois iarainn, agus bhíodh ar duine bheith ag sior casadh na coise seo agus bheith ag cúlughadh de réir cun t-súáin do choiméad díreach gan casairíní. Aon áit a bheadh casairíní bheadh baoghal go mbrisfeadh an súgán agus bheadh ar dhuine snaidhm daingean do chur ann cun é dheisiú airís. Cinn tuighe abhíodh ar na(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ó Braonáin
- Gender
- Male
- Address
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Informant
- Eibhlín Nic Gabhann
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female