School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An Br. B. L. Mac Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- NÓTAB'é Mícheal O Sulleabhaín ó Othar Mang a thóg an t-eolas seo isteach. Fuair é an cunntas ón a mháthair.
MICÍ MAIRE BULLBhíodh fear ag teacht timcheall fadó. Mícheál O Curnáin do b'ainm agus sloinne dó ach tugtaí Micí Maire Bull mar leas-ainm air. Bhiodh sé ag seinm ceoil ar fheadóig. Nuair a ghlaodtaí Micí Maire Bull air bhíodh sé ar dearg buille agus chuireadh sé an fheadóg 'na Phóca agus ritheadh sé indiaidh na mbuachaillí is na gcailíní nuair a chloiseadh sé iad. Bhíodh sé ag stealladh eascainí uaidh igcomnaidhe agus bhíodh eagla ar na páistí roimhis.
FIONÁN a' PHÍOPABhíodh fear eile ann "Fionán a' Phíopa" abhí mar leas ainm air. Lígh sé arc luachra uair amhaín agus bhíodh leigheas aige ar losgadh. Bhíodh sé ábalta ar iarann dearg te do chur ar a theangain. Fuair sé bás timcheall naoi nó deich mbliadhna oshoin.
SÉAMUS O BRAONÁINThéigeadh fear timcheall annso roinnt maith blian ó shoin, Séamus O Braonáin do b' ainm agus sloinne dhó. Bhíodh sé ag dul ó áit go h-áit ag lorg déirce. Bhíodh goile uathbhásach aige. Nuair a théigeadh sé isteach idtig agus nuair a gheibheadh sé rud le n-ithe bhíodh naíre ar an bhfear mbocht an iomarcha do thógaint. Tar éis tamaill, amhthach, nuair ná tugadh aon duine puinn suime air théigeadh sé(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Oghermong, Co. Kerry