School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Oidhche amháin go háirithe do mhairbh siad é agus do chuireadar an chiste óir i bhfolach inaice an tíghe.Bhíodar annsan curtha ó’s cómhair na cúirte agus do dhaoradh chun báis iad ach fuair an buachaill bás sar a tháinig lá an crochadh, annsan mharbhuigheadar an chailín.Gach oidhche na dhiaidh sin do bhíodh soillsí le feiscint in aice na h-áite n’a raibh an t-ór i bhfolach. Gheall le seachtmhain na dhiaidh san do tháinig an duine uasal ‘na sprid chun a mhac agus dúbhairt sé leis go raibh a chuid airgid féin i bhfolach ins an bpáirc inaice an tíghe agus dul an oidhche sin agus go bhfaighfeadh sé é.Chuaidh sé ann agus nuair a shrois sé an áit do chonnaic sé na soillsí go léir. Chonnaic sé sprid an chailín leis ach níor leig sí dó dul go dtí an áit ‘na raibh an t-ór i bhfolach. Tháinig scannradh air agus do chuaidh sé abhaile, fuair sé bás an oidhche céadna.Bhí beirt mac aige sin agus tháinig an duine uasal chúcha san leis agus dúbhairt sé an rud céadna agus a dubhairt sé le’n a mhac féin. Chuadar san go dtí an áit leis agus chonnaiceadar na soillsí, agus tháinig scannradh chómh mór san ortha nár fhéadfadh siad dul go dtí an áit agus do chuadar abhail agus fuaireadar bás leis. Níor cuaidh aoine ann riamh o shoin chun an(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Néill
- Gender
- Female
- Address
- Tinnies Lower East, Co. Kerry
- Informant
- Mícheál Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 54
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Cool West, Co. Kerry