School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)breacfeasta go naoi a chlog. Fuair Gadhairí breacfast maith agus an fear eile droch breachfast. Nuair a chuaidh siad amach dubhairt sé le Gadhairí gan bheith ag obair chómh dian mar nár ith sé fein aon bhiadh agus dúbhairt Gadhairí leis go gcaithfeadh sé an obair do dhéanamh nú dul abhaile.Bhíodar san ag obair go dian go dtí aimsir dinneara. Fuair Gadhairí dinnear gan mhaith agus bhí ocras air. Nuair a chuaidh siad amach arís dúbhairt sé le Gadhairí gan bheith chómh dian air agus dúbhairt Gadhairí leis an rud ceadhna agus dúbhairt sé an céad uair.Thánaig a mhaighistir go dtí an gort agus dúbhairt sé leó fanacht socair agus bheith ag priochadh leó. Bhí Gadhairí ar a dhícheall annsan agus an fear eile chómh maith. D’árduigh sé punann coirce agus do bhuail sé iad agus do dhein sé arís agus arís é chun go raibh Gadhairí leath marbh.Do thánadar isteach sa tráthnóna agus do chuaidh Gadhairí a choladh agus níor eirig sé go dtí lá a bháis. Dúbhairt an feirmeóir leis an bhfear eile fanamhaint leis. Dúbhairt seisean nárbh aon scláimhaidhe é féin acht mac fheirmheóra agus go chualadh sé trácht ar Ghadhairí agus gur mhaith leis bobta a thabhairt leis agus do siúbhal sé abhaile aríst agus is é a bhí sásta leis féin ag filleadh.
- Collector
- Cáit Ní Mhurcadha
- Gender
- Female
- Address
- Chapeltown, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tinnies Lower East, Co. Kerry