School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhí an spéir ana dhorcadha agus bhí eagla ar cuid de’s na fearaibh dul amach in aonchor acht do lean an criú ag iascaireacht.Bhíodar á rádh gurb é an oidhche do’b fhearr a bhíodar ag iascaireacht, mar bhí an bád nách mór lán d’iasg aca agus b’é an eagla a bhí ortha ná go raibh an t-iasg ró throm mar báidín beag a bhí aca.Nuair chasadar chun teacht abhaile do thosnuig sé ag cur baistí agus bhí gala ag eiríghe. Do thosnuigh siad ag rámhaidheacht chómh mear agus bhíodar ábalta ar é do dhéanamh agus bhí sé ag eiríghe níos dorchada gach nóimeat go dtí ná raibh fhios aca cá raibh siad ag dul.Annsan do thosnuig teinntreach agus tóirneach agus do chaitheadar amach an t-iasc agus do thosnuig siad ag guidhe chun Dé chun solus do thabhairt dóibh.Do chonnacadar solus i bhfad uatha agus chuadar an treó sin agus bhí foithin ann, agus d’fhan siad ann ag guidhe. Nuair a thánadar abhaile ar maidin bhí gasra daoine istigh in a dtighthe, agus bhíodar ag dul tímpeall na failltreacha an oidhche go léir mar cheapadar go raibh an criú báidhte. Bhíodar ar feadh na h-oidhche i gCuas a’ Teorann.
- Collector
- Máire de Burton
- Gender
- Female
- Address
- Tinnies Lower East, Co. Kerry
- Informant
- Máire Ní Concubhair
- Gender
- Female
- Age
- 49
- Occupation
- Pinsinéir
- Address
- Curragh More, Co. Kerry