School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)lae an phósta cuirfeadh siad fios ar an sagart, acht ní thagadh sé go dtí an oidhche agus ansan bhíodh sé ag ceistiú na beirte go dtí a dó dhéag a chlog.Ansan théigheadh siad síos ar a nglúinibh agus pósadh sé iad agus uaireannta bhíodh sé á bpósadh go dtí breaca lae na bháraigh.Nuair a bhíodh gach aon rud réidh chun an phósta théigheadh duine amach agus chuireadh sé saghas púdair i nguna agus deineadh sé saghas glóir leis chun glaodhach ar na buachaillí tuíghe.Thagadh siad agus bhíodh cróinneacha nó ríoda ar a gceann aca, agus píosaí tuíghe ag sileadh ó’n gcróinn agus bhíodh hataí daithte tímpeall na ríodaí agus aghaidhthe fidil ar a n-aghaidhthe agus criosanna móra tímpeall ortha.Nuair a thagadh siad bhíodh siad agus na daoine istigh ag amhrán agus ag rinnce agus ag deunamh spóirt mar thugadh na daoine uisge beatha dóibh, agus bhíodh siad níos fearr chun spóirt a dheunamh annsan, agus ar maidin théigheadh siad abhaile lán sásta.Dia Máirt agus Dia Satharn dob eadh na laetheannta a pósadh iad. Máirt Innide is minicí a bhíodh á bpósadh.I rith na h-oidhche agus ag breacadh an lae Chéadaoin Luaithrí agus cé go bhfuil sé órdaighthe gan pósadh ‘san gCarrgaos chuireadh siad málaí ar na fuinneóga(continues on next page)
- Collector
- Eibhlís Ní Loíngsigh
- Gender
- Female
- Address
- Coarha More, Co. Kerry
- Informant
- Muiris Ó Conchúbhair
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Coarha More, Co. Kerry