School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá páirc i gCurrach ar a dtugtar “Goirtín na gCapall”Fuair sé sin an ainm ó cogadh a bhí ann fadó, agus b’éigean do gach aoinne a bhí ag troid capall a bheith aige.Bhí an cogadh ann ar feadh lae, agus ar tuitim na h-oidhche dúbhairt an captéan go gcaithfídhe na capaill d’fágaint san bpáirc.Ar maidin nuair a chuadar isteach san bpáirc do bhí gach capall marbh, mar tháinig na namhaid i rith na h-oidhche agus do mharbuigheadhar iad.Nuair a bhí an cogadh críochnuighthe do chuireadar na capaill go léir isteach i bpoll amháin, agus na gléasanna airm isteach leis. Do dhein san árdán san bpáirc agus tugann na daoine “Ráth” air.Cúpla blian tar éis an chogaidh do threabhadar an pháirc agus fuair na daoine spiaraí, béalbhacha, agus giortaí na gcapall, agus rudaí mar sin,Ó thoin deirtear ná fhanfadh aon chapall ag inghéar san bpáirc sin, agus ó thoin i leith tugtar “Goirtín na gCapall” ar an bpáirc chéadna.
- Collector
- Caitlín Ní Mhurchadha
- Gender
- Female
- Address
- Coarha More, Co. Kerry
- Informant
- Cormac Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Coarha More, Co. Kerry