School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uair amháin geall le céad is a fiche blian ó thoin do bhí fear bocht na chómhnaidhe i dtigín beag inaice cheann Bhrí.Do bhí cúpla cearca aige agus oidhche amháin do sgiob rud éigint ceann díobh agus do bhí ana fhearg ar an bhfear mar ní raibh aige ach iad san.Do dhún sé an doras go daingean an oidhche na dhiaidh sin agus lá ar na mháireach d’eirigh sé go moch agus chuaidh sé go dtí chró na gcearc agus ní raibh aon chearc ann agus bhí sé ag féachaint tímcheall agus cad a chonnaic sé ach sionnach mór i gcúinne an chró.Níor dhein an fear aon rud acht dul amach agus bata mór d’fághail chuaidh sé isteach aríst agus do bheir sé ar earball an tsionnaigh agus do bhuail sé é.Do leig an sionnach sgread as agus do shin sé é féin amach agus cheap an fear go raibh sé marbh.Do thóg sé suas é agus do chuaidh sé go dtí a thig féin leis agus chuaidh sé amach chun rann d’fághail chun é chur.Nuair a tháinig sé isteach ní raibh tásg ná tuairisc den sionnaigh le fághail in aon áit d’féach an fear amach agus cad a chonnaic sé acht an sionnach ag dul suas an cnuic dó féin.
- Collector
- Máire Ní Néill
- Gender
- Female
- Address
- Tinnies Lower East, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Age
- 42
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tinnies Lower East, Co. Kerry