School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)

Location:
Ballyhearny West, Co. Kerry
Teacher:
Partolan Ó Gríbhthín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 186

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 186

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Page 186
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”
  4. XML “An Ghorta Mhór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. Bhí bean ann fadó agus bhí sí ‘na cómhnaidhe i gCarraig na mBocht in-aice le Cúil. Bhí sí ‘na cómhnaidhe i dtigín beag déanta le h-adhmad agus díon tuighe air.
    Fuair a céile bás leis an ocras agus d’fág sé beirt leanbhaí beaga ‘na dhiaidh. Bhíodar ana bhocht agus ní raibh aon rud le n-ithe acu acht ceathrú mine a fuaireadar gach seachtmhain agus ar sin a bhíodar ag maireachtaint.
    Ní raibh a dhóthain le n-ithe acu, agus mar sin fuair ceann acu bás leis an ocras, agus ní raibh aon airigead acu agus do chuir an máthair an leanbh isteach i mbosca agus do chuir sí é i nGealamhnach i bpáirc i gCúil.
    Is amhlaidh gur chuir sí an leanbh san i gCealamhnach i gan fhios na gcómharsan chun go bhfaighfeadh sí an ceathramhadh cloiche mine. Do fuaireadar an min cúpla uair ‘na dhiaidh sin, agus tar éis tamaill
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.