School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá mórán feilí i rith na bliana cur i gcás Lá 'le Stíobháin, an oidhce roimh Lá 'le Bríghde, agus Lá Fhéile shon Sheáin.
Téigheann muinntear na h-áite tímcheall leis an mBríghideóigh an oidhche roimis Lá 'le Bríghde. Sean nós dob eadh é, agus choiméadar an sean nós 'na bhearthaigh fós.Uair amháin do bhí scata daoine ag dul tímpeall leis an mBrígdeóigh geall le seascadh bliadhain ó thoin. Thánadar go dtí tigh éigint i gCurrach Beag. Do chuir muinntir a' tighe faílte rómpa agus thugadar roinnt airgid dóibh. Cromadar ag rinnce annsan agus bhí mórán spóirt aca.Taréis tamaill chuaidh ceann de buachaillí a' tíghe suas an staighre, agus do caith sé uisge leis na daoine a thánaig isteach leis an mBriígideóig, agus bhíodar fliuch báidthe ag dul abhaile.Níor chuaidh an scata céadna de buachaillí isteach 'san dtigh sin riamh ó shoin.
Deirtear go raibh fear dar'b ainm Séamus Ó Suilliobhaín ina chómhnaidhe i bhFiadhach Meadhon uair amháin. Níor leig sé Oidhche 'son Sheáin riamh thairis gan teine cnámh do dhéanamh.Do tabharadh sé fód dearg do gach páirc 'na bheadh barra annsan mar deireadh sé ná(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Address
- Coarha More, Co. Kerry
- Informant
- Muiris Ó Concubhair
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Coarha More, Co. Kerry