School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí sé 'na chómhnaidhe 'na aonar agus bhí ceithre cinn de buaibh aige. Siad na hainmneacha a bhí ortha na Macanais Cataiseach Bricí agus Druimfionn, agus bhí sé ag obair dó féin ag déanamh airgid leis an tím a díoladh se gach mí.
Sa deire thainig blian air agus ní raibh sé ábalta ar aon ím do dhéanamh; ní bhiodh san gcuigeann acht cumharán ban. Chuaidh se fá dhéin na gcómharsan chum a thrioblóid d'innsort dóibh, agus leigheas dfágailt uatha. Ní rabhadar ábálta ar cabhrú leis.
In deire na dála dúbhairt duine leis go raibh bean a dhein slíghe beatha as bheirt ag cur ártha i gCáran. Níor stop se go dtí gur chuaidh se ann. Chuir sé iniúl do cad a bhí bun is cionn leis.
Béigeann do airgead do thabhairt di ar dtúis
D'Fiafruig sí de ainmneacha na mbó, annsan cuir sí ar ártha le uisge beanuithe i mbuidéal; thug sí dó é agus dúbhairt sí leis braon do do thabhairt sóibh i bprátaí gach lá acht da ndortfadh sé an cheud bhraón de na bheadh aon maitheas ann.
Chuaidh sé abhaile gus fuair sé prátaí agus nuair a bhí sé ag cur an bhraon ann dhort sé é. Tar éis sin bhí an trioblóid chéadna aige.
Chuaidh sé go Cárár arís agus d'fiafruigh sí de cad dimthigh air.
Annsan d'fiafruig sí de ar raibh aoine ag dul tré cró na mbó le sin bhí sé go léir aice, mar(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Chúipéar
- Gender
- Female
- Address
- Tinnies Lower East, Co. Kerry
- Informant
- Pádruig Ó Chonaill
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Occupation
- Pinsinéir
- Address
- Coarha Beg, Co. Kerry