School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus Sean Ó Cunchubhar do b'ainm dó. Bhí sé na chomhnaidhe i gCúil.Lá amháin bhí cuigeann le déanamh aige agus tháinig fear isteach chun a phíopa do lasadh, acht dúbhairt Séan go raibh cuigeann á dhéanamh aige agus nár ceart píopa a lasadh.Bhíodar ag aragóint mar sin ar feadh tamaill agus sa deire do las an fear a phíopa agus amach an dorus leis.Do thóg Seán an clúdach de'n mheidir agus chaith sé gráinne salainn isteach innti ar eagla go nguidfeadh sé roint ime.Annsan tosnuig sé ag bualadh arís. Bhí sé trí uaire mar sin agus ní raibh ím ag teacht uirthe acht sa deire deirigh se as.Bhí an mileán aige ar an bfear úd mar cheap sé gur ghuid sé an t-ím go léir agus ó'n am san amach níor leig sé aoine taobh istigh de dhoras fhaid is a bheadh sé ag déanamh cuiginne.Sorcha Ní Cúipéir
Teinnibh- Collector
- Sorcha Ní Cúipéir
- Gender
- Female
- Address
- Tinnies Lower East, Co. Kerry
- Informant
- Micheál Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tinnies Lower East, Co. Kerry