School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ag deunamh ime. Fadó bhíodh piseóga ag baint le gach nídh agus mar sin bhíodh piseóga mar gheall ar deunamh ime.
Deirtear nuair a bhíodh siad ag deunamh cuigine, agus nuair a chídhfeadh siad bean ruadh ag gabháil thar bhóthar ní dheineadh siad in aon chor é.
Nuair a thagadh aoinne isteach agus bean a' tíghe ag deunamh cuigine, agus ná buailfeadh sé greas deirtí go mbíodh ím na cuigine tógtha aige.
Tímpeall fiche blian ó thoin nó mar sin bhí fear 'na chómhnaidhe i gCúil agus lá amháin bhí sé ag deunamh cuigine agus tháinigh fear isteach an doras chuige.
Bhíodar ag cainnt ar feadh tamaill maith, agus annsan do las an fear a phíopa agus chuaidh sé amach.
Bhí fear a' tíghe ag deunamh na cuigine ar a dhícheall ar feadh i bfad, agus ní raibh sé ábalta ar é chríochnúghadh.
Annsan tháinigh duine eile isteach agus dúbhairt fear a' tíghe leis ná raibh sé ábalta ar an gcuigean do deunamh.
Bhí fhios ag fear a' tíghe annsan gurb amhlaidh a ghoid an stróinséar an tím agus gach uair eile a bhí sé ag deunamh(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Mhurcadha
- Gender
- Female
- Address
- Coarha More, Co. Kerry
- Informant
- Muiris Ó Conchubhair
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Coarha More, Co. Kerry