School: Oileán Baoi (Dursey) (roll number 13138)
- Location:
- Dursey Island, Co. Cork
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Oileán Baoi (Dursey)
- XML Page 007
- XML “Leanbhaí á bhFuadach ón Oileán”
- XML “B'fhéidir gur mar sin Féinig É”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)" Saoruigh tú h-éin , a sheana chailleach, " ar seisean amuigh," Saoruigh Dia agus Muire agus Mícheál Naomhtha mé, " ar sise.Níor dheineadar aon nídh léi, ach d'imthigheadar leo, agus d'fhan sise agus na páistí ann go maidin.
- Bhí seana-bhean in a cómhnuidhe thoir i mBaile 'n Chalaidh sa Chnocán tamall blianta ó shoin. An mhaidean seo bhí sí a crú bó amuigh ar an gcnocán, agus do bhí bó óg tamaillín siar uaithi ar an mbóthar. Bhí an sagart a teacht isteach ar stáisiúin agus nuair a ghaibh sé thart do thuit an bhó óg ar an mbóthar. Nuair a thug an bhean fé ndear an rud a tharla d'fhág sí an bhó a bhí á crú aici annsan agus do rith sí i ndiaidh an tsagairt.
''Fill orm, a shagart,'' ar sise, ''Do leagais mo bhó orm''.
''Dar a bporuís é,'' arsan sagart, ''go mb'féidir gur mar sin féinig é.''(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Dhuinneacha
- Gender
- Female
- Address
- Kilmichael, Co. Cork