School: Urhan (B.) (roll number 12259)
- Location:
- Urhin, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Urhan (B.)
- XML Page 246
- XML “Scéilín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí baintreach ann fadó agus bhí aon mhac amháin aici gurbh ainm dó Seán. Leath-amadán dob eadh é. Bhí sé ana láidir ar fad ach ní dhéanfadh sé puinn eile ach go n-íosfadh sé oiread le ceathrar. Dá mhéid a bhailoachadh a mháthair bheadh sé ithte ag Seán.
'Sead, ní raibh aon ní ag an mnaoi bhoicht chun Seán a bheathú agus dubhairt sí léi féin go gcuirfeadh sí as a slí i gcuma éigin é.
Aon tráthnóna amháin dubhairt sí leis dul agus an t-asal a bhí sa ghleann a ceangal. Bhí droch spioraid sa ghleann agus bhí 'fhios aici dá mbuaileadh sí le Seán go mbeadh deireadh leis.
Thóg sé leis an slabhradh agus chuaidh sé go dtí an ngleann agus sé an chéad nídh a bhuail leis na an spioraid i bhfuirm mná. Bhí sí annsan agus a d'iarraidh é mharbhú ach caith sé an slabhradh tímcheall ar a muineál nó go dtáinig sé go doras a botháin.
Dubhairt sé le n-a mháthair éirghe agus an doras d'oscailt dó. D'éirigh sí go leisciúil -(continues on next page)- Collector
- Pádruig Ó Síothcháin
- Gender
- Male
- Address
- Caherkeen, Co. Cork
- Informant
- Máire Ní Shíothcháin
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Address
- Caherkeen, Co. Cork