School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 0456
- XML “Eoghan Rua”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Maidin áirighthe do chuaidh Eoghain Ruadh isteach i dtig i na raibh cuigeann 'ghá dhéanamh. D'iarr sé deoch ar bean an tíghe agus thug sí baisín géur do. D'fheuch sé air agus thuigh sé go maith cad a bhí aige ach mar sin féin d'ól sé é.
Do gaibh sé buidheachas do bean an tíghe agus d'iarr sé uirthi go béasach peann agus dubh agus páipéir a thabhairt do. Nuair a fuair sé an peann agus an dubh agus an páipéir shuidh sé ar ceann an búird agus scríobh sé ticéad.
D'éirig sé na sheasamh agus dhein sé fé dhéin an dorus chun imteacht. Do stad sé ag an dorus agus d'iompuig sé siar an na mnáibh ag tabhairt aighneas dóibh. D'fhan sé mar sin go bfuair sé faill ar an dteicéidín agus do chuir sé an bóthar dhe. Is geárr a bhí sé imthighthe chuir bean sraoth aisti.(continues on next page)