School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![The Schools’ Collection, Volume 0334, Page 0695](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0334%2FCBES_0334_0695.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0334, Page 0695
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta agus théigheadh sé ag sgoruidheacht gach oidhche.
Aon oidhche amháin nuair a bhí sé ag teacht abhaile do chasadh fear árd dubh air agus dubhairt sé leis gan dul abhaile in-aon-chor mar go mharbóchadh a bhean é toisg bheith amuigh chómh déanach.
Do tháinig eagla air roimis an fear dubh agus ní roimis a bhean a bhí an t-eagla air in-aon-chor. Chuaidh sé abhaile agus d'fhiafhruig a bhean de chad a choimeád amuigh cómh déanach é agus dubhairt sé go rabhadar ag imirt cártaí é féin agus fear a tíghe.
Ansan dubhairt sí leis dá bfanfhadh sé amuigh cómh deanach aon oidhche eile ná leigfheadh sí isteach(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Chéilleachair
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Informant
- Cáit Bean Uí Seitheacháin
- Gender
- Female
- Age
- 85