School: Cúl an Bhuacaigh (roll number 10471)
- Location:
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork
- Teacher: Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúl an Bhuacaigh
- XML Page 001
- XML “Airgead i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá lios i bparóiste Cíll na Martra i mbaile fearainn ar a nglaodhtar Réidh - na - nDoirí.
Do taidhbígheadh do bheirt fhear oidhche áirithe go raibh alán airgid i mbun an leasa fé lic mhóir.
Níor dheineadar aon iongnadh don taidhreamh agus níor chúimhnigheadar a thuille air.
Fé ceann tamaill eile do bhí an taidhreamh ceadhna aca agus do dheineadar suas a n-aigne dul go dtí an lios agus nuair a bhíodar ag árdú na lice d'airigheadar stoirm agus gaoth mhór i bhfuirm sídhe gaoithe. Do tháinig eagla ortha agus do ritheadar as an áit. I gcionn bliana eile do taidhbhrígheadh an rud ceadhna do thrúir aca. D'innseadar dá céile é agus shocruigheadar cun an lios do chuardach airís.
Bhí eagla ortha féin cun dul ann agus bhí duine símplíghe ina chómhnuidhe san áit agus do mhealladar leo é go dtí an lios. Ansan chuadar go léir isteach agus dúbhradar leis an amadán an leac d'árdú agus do dhein.
Fuaradar suas le mílte púnt fén lic agus níor fuair an t-amadán pioc uatha ac do(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Loinnsigh
- Gender
- Female
- Address
- An Rathúnach Thoir, Co. Cork
- Informant
- Bríghid Bean Uí Loinnsigh
- Gender
- Female
- Address
- An Rathúnach Thoir, Co. Cork