School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 246

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 246

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 246
  3. XML “Gaiscígh na hÁite seo sa tSeanaimsir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    de bharr damhsadh. Is ó Flilix agus Pronnsias a fuair Caitlín agus Séamus an damhsadh.

    Padraig Ó Doláin as Tullaigh na Croise. Bhí sé go han mhaith ag an damhsadh agus lá amháin bhí sé ag an margadh in Innis Ceithleann is é ag díol tubán ime. Bhí fear eile darbh ainm dó Cathal Mac Samhráin agus bhí seisean a' damhsadh ar chlar an tubáin, agus a leigint air go raibh sé go han mhaith ag an damhsadh. "Ára" arsa Padraig tá mise inonn damhsadh a dhéanamh chomh maith leatsa". "Tá go maith ar seisean fan go bhfeicimíd".
    Cheannuigheadar leat galún fuisge agus dubhairt siad go mbéadh sé mar duais ag an rinnceoir is fearr den bheirt. Dubhairt Padraig go raibh sé fluich in a bhróga agus tuagadh péire tirm dó. Chuaidh an bheirt isteach i seomra leathan agus thosuigh siad ag damhsadh. Ní túisge thosuigh mo dhuine Padraig ag damhsadh ná b'éigean do Chathal seasamh suas. Fuair Padraig an leath galúin. Bhí cáirde ag Cathal agus daoine eile a bhí ag sesamh an fóid do Phadraig. Ar na daoine sin bhí uncail do mo mháthair - Tomás Mac Samhráin. Deirim-se leat go raibh Padraig is a cháirde meidhreach ag siubhal abhaile dóibh an tráthnóna sin.

    Fuair mé é sin ó m'uncail-

    Tomás Mac Siordan
    Moneensamhráin
    Gleann-Gaibhleann
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan
    Informant
    Tomás Mac Siordan
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Male
    Address
    Moneensauran, Co. Cavan