School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Teacher: (name not given)
![The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 283](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0965%2FCBES_0965_283.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 283
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corrabha (Curravagh)
- XML Page 283
- XML “An Gorta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Alt na Sheehan go dtí a teach le cannaí chun roinnt den leitinn d'fhághail uaidh. Bhí m'uncail a'rádh liom go raibh fear thart annseo agus go riabh muirighean mór aige. Ní raibh ach bó amháin agus taréis í a bhleaghan bhaineadh sé cuid den fhuil as a huth agus measgadh sé an fhuil leis an mbainne i dtreo go mbéádh go leor den bhainne aige le haghaidh na bpáistí.Bhí go leor tighthe in Gleann Gaibhleann an tam sin nach bhfuil ann anois. Níl in a náit ach na clocha bhí seacht tighthe in aon bhaile - Corraglas an tam sin agus níl ann anois ach na fothracha. Bhí bóithre a dhéanamh sa cheanntar seo in aimsir na Gorta - an bóthar go dtí an sráidbhaile - Damhsrath agus an bóthar go dtí " An Bearna Mór " atá i Sliabh Cailceach, agus ní raibh ach cúpla fear ag obair ortha mar bhí na daoine ró-lag taréis na Gorta chun na hoibre a dhéanamh. Sé an phágh a fuair na daoine a bhí ag obair ar na mbóthar go Damhsrath ná deich bpinghne sa ló, agus na fir ar a' mbóthar eile an méid céadhna. Sé an biadh a bhíodh aca ag am an lóin ná min coirce bheirbhithe in uisge. Lean galair an Ghorta agus leis sin fuair na sluaighte daoine bás leis an bhfiabhras.
ó Tomás Mac Siordan
Moneinsamhrám
Gleann-Gaibhleann
Co an Chabhán- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan
- Informant
- Tomás Mac Siordan
- Gender
- Male
- Address
- Moneensauran, Co. Cavan