School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 284

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 284

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 284
  3. XML “Cluichí a Imrím”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is iomhda cluiche a imrigheann mé nuair a bhíonn sos agam. Oidhche fhuar gheimhridh nuair a bhíonn na daoine bailighthe isteach is iad in a suidhe timcheall na teine bíonn an cleas seo againn.
    Cuireann duine amháin cipín isteach sa teine agus nuair a bhíonn sé ar lasadh tógann sé amach é is bíonn sé dhá casadh. Fhad is bhíonn sé gá casadh bíonn na focla seo leanas ghá rádh aige-
    "Jack me man if you die in my hand
    Straddle and mats will go on my back."
    Má mhúcann an chipín beidh ar an duine sin a cheann a iompódh síos agus bíonn na daoine timcheall air ag cur rudaí éagsamhla ar a dhruim. Tomhaiseann sé cad iad na rudaí atá siad a' chur air agus munar féidir leis iad do thomhas leanfaidh siad de bheith a chur rudaí air.

    Bíonn cleas eile againn ar sgoil agus tugtar "Dathanna" air. Seo í an chaoi a nimirtear í ná - Seasann sgata cailín i líne amháin agus beirt chailín eile in áit dóibh féin. Aingeal agus Diabhal a tugtar ortha siúd. Tugann cailín eile dathanna éagsamhla don sluagh atá in a seasamh le chéile agus annsin glaodhann sí ar an Aingeal. Fiafruigheann sí di cén dath atá uaidh agus deireann seisean bán nó dubh nó aon dath is mian
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Languages
    Irish
    English
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan
    Informant
    Aodh Mac Siordan
    Gender
    Male
    Address
    Carrick West, Co. Cavan