School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 301

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 301

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 301
  3. XML “Gnása i dtaobh Féilí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Oidhche Lae 'le Brigde
    Fadó bhíodh crosanna a ndéanamh ag na daoine as brobhanna glasa agus théighidís ó theach go teach leis. Ní deintear é sin anois cor-ar-bith.

    Lá le Padraig
    Bíonn an tseamróg a chaitheamh ag gach éinne - óg is aosta an lá sin mar is leis an tseamróig a mhúin Naomh Padruig rún na Trionóide do na Gaedhil fadó. Deineann na fir thart annseo an tseamrog do bháthadh lá Fhéile Padraig agus bíonn siad ag ól i dtigh an óil.

    Máirt na h-Inide
    Fadó bhíodh panncóga ag na daoine agus bhíodh giota feoil nó píosa bagúin aca an oidhche sin chomh maith aca; tá an nós sin imthighthe anois.

    Ceadaon an Luaithridh
    Téigheann daoine chun an tséipéil an mhaidin sin chun roinnt luaithreach a fhághail ar a gclár éadain. Fadó ní ólfadh na daoine ach tae dubh, agus arán mhin coirce a bhíodh aca in éinfeacht leis. Ach anois ní bhíonn an gnás sin ag na daoine.

    Aoine an Cheásta
    Ní deintear obair thart annseo ach in dhiaidh an mheadhon lae.

    Domhnac Cásga
    Bíonn féasta mór ag na páistí agus ithid níos mó ubh ná mar is gnáthach an lá sin.

    An Chéad Lá de Bhealtaine
    Ní ceart aon nídh a thabhairt do dhuine ná aon rud a fhághail ar iasacht uaidh an lá sin. An maidin sin leis ní maith leis na daoine bheith ag éirghe ró-luath ar eagla go mbéadh an chéad deatach aca agus is minic nach gcuireann siad an luaithreach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Languages
    Irish
    English
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan