School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá cuinneog ag mo mhuinntir sa bhaile agus is ann a dheineann siad an maistreadh nuair a bhíonn im a' theastáil uatha. Cuinneog caosach mór seadh é.Tá na taobhanna cruinn. Níl an chuinneog aosta rinneadh é sa bhliadhain 1929. Seo ainmneacha na bpáirteanna éagsamhla - An lagan, na stabha agus na fonnsaí. Deintear maistreadh uair sa seachtmhain i rith an Gheimhridh agus trí nó ceithre uaire i rith an tSamhraidh. Bean a' tighe ins gach tigh a dheineann an maistreadh ach ma thagann éinné isteach le linn dí bheith ag déanamh na hoibre sin cabhruigheann said san leithe mar ní ceart dul amach as an teach gan breith ar an loinithe ar a laighead ar eagla nach dtiocfadh an tim air. Sin a deireann na sean daoine.Uair a chluig a bhaineann sé do bhean a' tighe an maistreadh a dhéanamh ach uiareannta eile bíonn sí níos fuide ná sin. Leis an loinithe a bhualadh síos agus suas sa mheidir - sin é an chaoí a deintear an chuigeann. Nuair a bhailigheann an tim in a chnapóga bíonn an maistreadh déanta, agus sin é an chaoi a bhíonn a fhios ag bean a' tighe cathain a bhíonn an obair críochnuighthe aice. Le linn don mhaistreadh a bheith ar siubhal cuirtear uisge te isteach ann agus mar sin ní bhíonn an obair ró-chruaidh nuair a bhíonn an bainne go breagh te, agus ní bhainfidh sé fada don im teacht air. Sé an chaoi a baintear an tim de ná - Tógtar as an gcuinneoig í leis an sgagaire agus(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan