School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Teacher: (name not given)
![The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 309](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0965%2FCBES_0965_309.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 309
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corrabha (Curravagh)
- XML Page 309
- XML “Aire na gCos”
- XML “An Cheárta Cheantair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a tugtar ar na bonnaí nuadha san. Má theastuigheann ó éinne na bróga a bheith go trom daingean láidir deireann sé leis an ngréasaidhe tairngí do chur ins na bonnaí agus crúidhte fé na sálaí. Anois téigheann na páistí thart sa cheanntar seo cosnochtuighthe ó mi Aibreáin go dtí mí Deire Foghmhair agus ón mhí sin go dtí Aibrean aríst bíonn siad ag caitheamh bróga.Fado nuair a bhíodh na daoine héis a gcosa do nighe, an tuisge salach a bhíodh aca coinnighedh cuid de na daoine istigh sa tigh é ach caitheadh cuid eile díobh amach é is dhéarfadh siad "Chugat, Cugat an tuisge salach" ar eagla go mbéadh an sluagh sidhe taobh amuigh.
- Níl ach ceardhcha amháin sa cheanntar seo fé láthair. Is le Peadar Ó Doláin, Corrabha, Gleann-Gaibhleann an ceann sein. Tá an cheardcha tógtha ar thaobh an bhóthair ar an mbealach go dtí an sráidbhaile sin - Damhsrath. Níl sé ach giota beag ón sgoil agus is minic nuair a bhíonn sos agam a théighim síos chun an gabhann a fheiceál ag obair. Teach ana bheag seadh an cheardcha agus díon tuighe air. Tá simleár beag amháin air chun an deataigh a leigint amach. Istigh ann bíonn teine mhaith ghuail ar lasadh, agus(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan
- Informant
- Aodh Mac Siordan
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Carrick West, Co. Cavan