School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 368

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 368

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 368
  3. XML “Cromwell”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bí Oilbhear Cromaill an fear ba mheasa a bhí in Éirinn riamh. Do bhíodh sé a' mharbhughadh na gCaitilceach agus ag iarraidh iad a chur fé chois. Deánfadh sé iad a dhóghadh ar dtús agus annsin cuireadh sé suas ar chrainnte iad agus d'fhágadh sé annsin iad. Uaireannta bhaineadh sé na cinn díobh agus cuireadh sé ar spící iad, in áit go mbéadh sé ar chumas gach éinne iad a fheiceál. Éinne go mbéadh sé ar a chumas aon sagart a fhághail do Chromaill bhéadh deich bpúnt le fághail aige. Na Caitilcigh nár mharbhuigh sé do bhain sé a gcuid talamh díobh agus thug sé dá shaighúirí féin é. Rinne sé tighearnaí talmhan díobh freisin agus bhí cuid díobh san i bhfad níos measa ná é. Seo sgéal fé na bpeín dlighthe.
    Bhí ceathrar fear déag uair amháin agus bhíodar ar thóir sagairt de ló agus ní raibh ar a gcumas é a ghabháil. Fé dheire thiar thall fuaireadar é i dtigh éigin agus dubhradar go raibh siad chun é a mharbhadh. Nuair a chuala an sagart an pionós a bhí na saighduírí chun tabhairt dó. Diarr sé coinneal chéireach ar mhnaoi an tighe agus dubhairt sé le na saighdúirí gan bachaint leis go dtí go mbeádh an choinneal ar fad dóighte. Fuair sé an choinneal agus isteach leis i seomra. Tháinig na saighduírí go dí doras an tseomra trí huaire in dhiaidh a chéile sar a raibh an choinneal dóighte.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
        1. Cromwell (~315)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan