Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1) Ní ceart iongna a ghearradh Dé h-Aoine.2) Dá mbeadh duine ag sraothartaig De h-Aoine bheadh brón air, nó Dé Máirt go bhfaighdís peidhre nua bróg nó dá mbeadh sé ag sraothartaigh Dé Céadaoin go bhfaghadh sé litir.3) Ní ceart bó ná much a mharbhúghadh Dé h-Aoine ná Dé Luain mar bheadh an mí-rath leó.4) Deirtear nách ceart gruaig a ghearradh Dia Luain mar ní fhásfadh sé ar feadh abhfad 'na dhiaidh san.5) Ní ceart tosnúghadh ar dhul ar scoil Dé Luain mar ní bheadh an rath leis.6) Dá mbeadh duine ag troid Dia Luain deirtear go mbeadh sé ag troid ar feadh na seachtmhaine go léir.7) Is ceart pósadh Dé Máirt no Dardaoin no Satharn nó an Domhnach mar do bheadh an rath leos (?) na laetheannta san. 8) Dá mbeadh duine ag dul ad' iarraidh teachtaire Dé Luain deirtear ná beadh sé abhfad ó'n dtig go gcaillfeadh sé é.9) Is maith an rud bás d'fhághail Dé h-Aoine mar raghfá go Neamh mar is ar Aoine an Céasta a fuair Críost bás.10) Ní phósann daoine ar Céadaoin mar ní'l an rath ag gabháil leis an lá san.11) Tá leigheas ins an uisge nuair a bhíonn an t-uisge ag dul amachan cúigmhadh lá déag de Lughnasa.
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Cuill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Saor (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Cork