Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 305

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 305

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 305
  3. XML “An Caoine ar Shéamuis”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear agus bean de mhuinntir Thuama 'na gcómhnuidhe i mBaile Mhúirne tímpeall caogadh bliadhain ó shoin. Bhí aon mhac amháin aca agus bhí ana cion aca air. Do buaileadh breóite é agus bhí ana bhrón ortha. Bhí sé i mbaoghail bháis. Cheap gach aoinne go bhfaghadh sé bás. Cheap a mhuinntir féin é.
    Thánadar chun na Carraige i gcóír rudaí an tórraimh. Bhí an máthair bocht istig ag gol ó's a cionn. Bhí an buachaill ana ciúin, gan cor as.
    Cheap an máthair go raibh sé marbh agus do dhein sí an caoine so ó's a chionn:-
    "Mo ghrádh thú is mo thaithneamh,
    A Shéamuis Uí Thuama a cheana,
    Tá do spré-se ag teacht abhaile,
    Ní ba, caoirig iad ná capaill,
    Ach tobach snaois agus piopaí geala,
    Agus coinnlí breághtha fada,
    Is ní 'á maoidheamh ag lucht a chaithte,
    Ochón a Shéamuisín."
    Nuair a tháinig na daoine abhaile is amhlaidh abhí an buachaill níos fearr agus bhí sé ag dul i bhfeabhas as san amach agus ní bhfuair sé bás in-aon-chor.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Padruig Ua Cuill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Gairmeacha beatha
    Feirmeoir
    Saor (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Na Millíní, Co. Cork