School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Adrigole, Co. Cork
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanamhrán (continued)
“Aréir bhíos fén agus an máighistir ag”
(continued from previous page)I dtosach mo shaóil nuair bhíos-sa féin óg
Níor fhan crí ná árd orm ó thánag go Wales so
Ó chuireas mo chéile is mo leanbhaí fíor óg.
II
Saothar mo shláinte do thuillin go daor bhocht,
Agus allus na braonacha a'sile lem shróin
Á thabhairt do mnaoí a tabhairne 'na phláta breágh glé-gheal
Ag crothadh a ghéag nuair a ghlanainn léi an scór.
III
Nuair a thiginn amáireach ag cásadh mo sgéil léi,
Mo theanga bhíodh méiscreach tartmhar go leór.
Ní raibh maith im ráiteachas ní thabharfadh sí braon dom
Gan airgead glé-gheal do chur ar an mbórd.
IV
Cínníg suas bhur bprás is bhúr bpláta agaibh féinig
Mar is gairid ag éinné ná fuil aig' aon treó,
Gur dóich liom gur feárr é ná fhágaint gan bhaothas
I dtigthibh tabhairne i Wales ná bhfuil ionnta ach feall.
V
Tá dóchas maith láidir agam-sa san Aon -Mhic,
'Sé chúm sin go léir agus d'fulig a pháis,
Go mbeidh 'throwser' breágh orm-sa fós agus léine
Bróg fé na 'tape' agus casóg den 'cloth'.
VI
Beidh 'vest' deas de'n t-sórd orm dhothain Rí Séamus.
Mé gabhtha dá gré sin in éadach gan smáilt
Beidh airgead im chómhartha is im phócaí gan bhaothas(continues on next page)