Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Suíomh:
Eadargóil, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Muircheartach Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 038

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 038

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Leathanach 038
  3. XML “Seanamhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanamhrán (ar lean)

    Aréir bhíos fén agus an máighistir ag

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    I dtosach mo shaóil nuair bhíos-sa féin óg
    Níor fhan crí ná árd orm ó thánag go Wales so
    Ó chuireas mo chéile is mo leanbhaí fíor óg.
    II
    Saothar mo shláinte do thuillin go daor bhocht,
    Agus allus na braonacha a'sile lem shróin
    Á thabhairt do mnaoí a tabhairne 'na phláta breágh glé-gheal
    Ag crothadh a ghéag nuair a ghlanainn léi an scór.
    III
    Nuair a thiginn amáireach ag cásadh mo sgéil léi,
    Mo theanga bhíodh méiscreach tartmhar go leór.
    Ní raibh maith im ráiteachas ní thabharfadh sí braon dom
    Gan airgead glé-gheal do chur ar an mbórd.
    IV
    Cínníg suas bhur bprás is bhúr bpláta agaibh féinig
    Mar is gairid ag éinné ná fuil aig' aon treó,
    Gur dóich liom gur feárr é ná fhágaint gan bhaothas
    I dtigthibh tabhairne i Wales ná bhfuil ionnta ach feall.
    V
    Tá dóchas maith láidir agam-sa san Aon -Mhic,
    'Sé chúm sin go léir agus d'fulig a pháis,
    Go mbeidh 'throwser' breágh orm-sa fós agus léine
    Bróg fé na 'tape' agus casóg den 'cloth'.
    VI
    Beidh 'vest' deas de'n t-sórd orm dhothain Rí Séamus.
    Mé gabhtha dá gré sin in éadach gan smáilt
    Beidh airgead im chómhartha is im phócaí gan bhaothas
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge