Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Suíomh:
- Adrigole, Co. Cork
- Múinteoir: Muircheartach Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- XML Leathanach 165
- XML “An Bás - Go Sábhála Dia Sinn - An Tóramh - Sochraid”
- XML “An tSochraid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)é do chur isteach i leabaidh gan aon chleití mar deirtear ná féadhfadh sé bás d’fághail ins na cleití gan trioblóid. Ní ceart do aoine dul i na aonfhear i gcómhair na cómhrann agus ní ceart capall go mbeadh siorrach inti a thabhairt i na chóir.
- Ma fhluichann an lá agus an corp ag dul fé dhéin na h-úaighe cómhorta iseadh é gur chríostaidhe an duine marbh, an fhaid a bhí sé na beathaidh, agus dá brí sin go bfuil na flaithis i ndán do. Ac a mhalairt sin are fad de, chómharta isead é an lá bheith tirm, grianmar.Ní ceart an croiceann a bhaint d’en uaig dia luain. An duine a baineann an croicheann den uaig dia luain, bead iomad an luain aige.Dá mbead duine ar an mbotar agus é ag dul i n-áit éigin áirithe agus go mbuailfeadh sochraid leis dá mhéid sin deabhadh a bheadh air. ba ceart do(leanann ar an chéad leathanach eile)