Imleabhar: CBÉ 0352

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0352, Leathanach 0074

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0352, Leathanach 0074

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. Seo abhrán a chualaidh sí go minic ag moran
    de chuid sean-iondairí ’n bhaile, acht go mór
    mór ag Róise Ní Dubheanaigh.
    I
    D’imthigh mé ar maidin a’ tarraingt ’un aonaigh mhóir
    A dhiól ’s ’a cheannacht mar dheánfadh mo daoine
    romham,
    Bhuail thart mé ar a’ bhealach agus chuaidh muid araon
    á d’ól
    "S le Suibhan Ní Dhubhir gur ól mise luach na mbróg.
    II
    ’S a Shiubhain Ní Dhuibhir, an miste leat mé bheith tinn,
    Mo bhrón ’s mo mhillean nár mhiste liom tú bheith i gcill
    Bhróinte agus muilte bheith sgilleadh ar chúl do chinn
    Agus cead a bheith i n-Iorruis go dtarraidh Síol Eadhbha
    ’un cinn.
    III
    A Shiubhan Ní Dhuibhir is tú bun agus bárr mo
    sgéil,.
    ’S ar mhnáibh na cruinne go dtug sise ’n bháire léi
    Le gile, le finne, le maise, ’s le dhá dtrean
    sgéimh
    'S nach mise ’n truagh Mhuire bheith sgaradh i mbárach léi.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir