Imleabhar: CBÉ 0352

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0352, Leathanach 0306

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0352, Leathanach 0306

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. Seanchas (ar lean)

    An saoghal a bhí san am.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    206
    mharcaladh siad é, chuireadh siad sréataí ann. Bhéadh
    dornán coirce curtha aca. Ní rabh aon teach ar dhá thaobh a‘ gaoth nach rabh bád no ceathramh bhád ar scor ar bith acu. Theigheadh siad amach i dtús a’ rabhartha, agus bhearfadh siad isteach ceathair no chÚig
    de lostaí leathaigh, ’acha’n rabhartha, chuireadh siad amach
    mar leas ar na préataí é. Bhaineadh siad feamnnach
    mar a’ gcéadna, thart ar na chladaigh, agus gní siad
    leas dó, agus ar na srathógaí bhí amuigh ar a’ tráigh.
    Annsin ’sa’n fhogmhar bhaineadh siad a gcuid coirce, le na gcuid coráin láímhe. Gní siad é
    cheangal agus a stuchadh. Gní siad cruacha do agus arais amach anuis a’ geimhreadh, nuair a thiocfadh
    lá leice, agus lá bréagh chiúin, sgaoiltí amach cruach. Bhearfadh siad na leice í, ’acha’n bheirt.
    gcionn dá shúíste,, go mbuaileadh siad a’ chruach.
    "Is minic a chualaidh mé m’ athair a’ rádh, go rabh seaiduine ar a’ bhaile s’againne, a dtugadh siad
    Brian ó Grianna air, fear muinnteardha do fhéin.
    Maidin lá Béaltaine, fuair sé bás. Ní rabh aon grainín inine coirce ’sa’ teach. Sgaoileadh ’n chruach
    á bualadh. Tugadh ’na leice í. Chuaidh bheirt i gceann súiste á bhualadh, fear
    eile a’ sgathadh ’n chocáin, agus a chéangal, agus a’
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    24 Bealtaine 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir