Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inbhear
- XML Leathanach 582
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tomhaiseanna
1. Cia mhéad cos ar ocht molt. (dhá ceann)
2. Cia mhéad gob a bhuaileann an chearc ar an talamh ó thosuigheann sí ag ithe go mbí sí réidh. (ceann amháin)
3. Chuaidh dháréag ag ól - sean fhir, sean mhná, buachaillí óga agus cailíní óga. Chaitheadar 1/=. Díoch na buachaillí 4d an duine agus na cailíní 2d: na sean fhir 1/2d an duine agus na sean mhná 1/4d: Cia mhéad duine de gach saghas dreamh a bhí ann (1 buachaill 2 chailín 4 sean fhear 2 sean bhean.)
4. Sgata muca ruadh ag dul suas i n-agaidh an chnuic (drithleóga)
5. Ceirtlín mhór barach os cionn ballaí an tighe. Uisge na h-Éireann nach n-itheadh í (an gealach)
6. 'Sid istigh é, 'sid amuigh é, 'sid sa gclúid agus 200 súil air. (criathar)
7. Tá m'athair mór sa gclúid agus é ag plubarsnú
(pota ag futheamh)
8. Chuaidh mé suas an bóthar agus anuas an bóthar agus thug mé an bóthar liom ar mo dhruim (dréimire)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Mac Aindrias
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Gort Breac Thuaidh, Co. Mhaigh Eo