Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Caitheamh Aimsire
Falach Cruach.
Imrightear é seo timcheall na gcruach coirce sa bFóghmhar. Cromann cailín amháin agus téigheann an chuid eile i bhfolach. Annsin cuartuigheann an cailín a chrom an chuid eile agus caithfidh an chéad duine a gheobhfas sí cromadh na go dtéigh an muinntir eile i bhfolach.
Dallóg:
Le n-aghaidh seo cuireann cailín amháin éadach ar a cuid súil agus ritheann timcheall an seómra in diaidh na páisdí eile. Caithfidh an chéad duine a bhfuighidh sí greim air an dallóg a chur uirthí. Ní maith le mo mháthair an cleas seo mar deir sí gur ionann é agus an rud a dhein na h-Iúdaigh le n-ár Slánuightheóir nuair a bhíodar á chéasadh.- Bailitheoir
- Cáit Ní Núadhain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo