Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inbhear
- XML Leathanach 622
- XML “Caitheamh Aimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Caitheamh aimsire
Ceapadh éanacha le solus:
Téighimh amach oidhche dhorcha le laindéir go an cladach agus eiteallann na h-éineacha go dtí an solus. Ceapaim iad agus fliuchaimh na sgiatháin. Annsin leigim isteach i dteach éigin aon cheann a cheapaim agus go minic briseann siad simléar lampa.
Ceapadh bric le mála.
Fuaghálaim cúpla mála i gcuideachta agus ansin téighim féin agus cúpla buachaill eile go dtí an abhainn agus tarrnuigheannmuid an mála i-n aghaidh an tsrotha. Má fheiceannmuid aon bhreac ag dul isteach ann tógann muid an breac.
Ag ceapadh faoilóg le dubhán:
Nuair a cheapann m'athair morlais cuirim na putóga ar dhubhán agus fágaim i n-aice an chladaigh iad agus is minic acheapaim faoileóg mar sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Mac Aindrias
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Gort Breac Thuaidh, Co. Mhaigh Eo