Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tugann cailín ion phósta ceirtlín snáth léi go dtí áith aoil. Caitheann sí isteach san áith é acht congliuigheann sí greim ar ceann an tsnáithe. Annsin tosnuigheann sí ag tothar dughadh agus nuair a bhíónn an snáith beagnach totharduighthe abruigeann sí “Cé sin thíos ar ceann mo shnáithe” Annsin má tá sí le pósadh choidhche lsbhróchaidh buachaill óg san áith agus innsigheann sé ainm di fhad is tá greim aige ar an snáithe.Anois rinne cailín óg san ait seo an cleas seo fadó agus chualaidh buachaill a bhí ar an mbaile faoi. Socruigh sé é fein san áit ná go dtainic sí agus nuair a d’fiafruigh sí “Cé sin thíos ar cheann mo snáithe”. D’freagair seisann í agus dubhairt “Mise an diabhal:
Deirtear gus sgannruigh sí chorhn mór ‘s gur imthigh sí éadtrom in a ceann.
Suidheann cailín os comhair an sgátháin ar a dó dhéag a clog Oidhche Samhna ag ithe ubhall agus ag ciaradh a cuid gruaige sam am céadhna. Deairtear má bhreathnuigheann sí sa sgáthán fhaid is tá sí sa dheanaimh sin go bhfeicfidh sí an fear a mbeidh sí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Ó Cabhail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Nuadhain
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo