Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal.
Badaoin an Bhuilg RiabhaighBhí rí ann uair amháin, agus sé an t- ainm a bhí air "Badaoin an Bhuilg Riabhaigh." Bhí triur chlann mhac aige. Bhí go leor ba agus caoirigh aige agus an lá seo chuaidh sé amach ag faire ortha agus bhí sé ag siubhal ar na h-ailltreachaibh agus chonnaich sé long ag tarraingt air agus bhí fear amháin ar an luing. Thosaigh an bheirt acú ag cainnt ach céard a rinne fear na luinge ach dorn amháin a thabhairt do agus bhain sé an choróin dá cheann agus amach leis sa bhfairrge arís. Tháinig an rí abhaile agus bhí fearg mhór air. Diarr an clann mhac céard a bhí air D'innis sé dhóibh gur bhain fear an choróin dá ceann agus go ndeachaidh sé amach sa bhfairrge. Dubhairt an chlann mhac go leanfaidís é Dubhairt Badaoin go mbeadh sé fhéin leo. D'imthigh an clann mhac agus Badaoin agus lean siad an chaoi a chuaidh an fear a bhí ar an luing. Bhí siad ag imtheacht go dtáinig siad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Nuadhain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Antona Ó Dochartaigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Gort Breac Thuaidh, Co. Mhaigh Eo