Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)

Suíomh:
An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Tomás Mac Gearbhuigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 693

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 693

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inbhear
  2. XML Leathanach 693
  3. XML “Scéal - Badaoin an Bhoilg Riabhaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go dtáinig siad go dtí aill mór. Chuaidh an Badaoin suas ar a mhullach go bfheiceadh sé an raibh aon teach in aice leis. Dubhairt sé go bhfaca sé mar a bhéadh préachán i bhfad uaidh. Chuaidh siad go dtí an áit acht ceard a bhí ann ach teach a bhí an saidhbhir teach ríoghdha; teach a raibh cailín amháin ann. Dubhairt an chlann mhac leis an rí dul go dtí an teach sin, agus chuaidh. Nuair a fuair an clann mhac imthighthe é chuaidh siad amach sa bfairrge, agus d'fhágh siad an rí annsin agus thógh siad an cailín leo. Bhí saighdiurí sa teach sin a bhíodh [?] i gcomnuidhe ag troid le daoine eile. Nuair a tháinig an maidin dubhairt na saighdiurí leis an rí gan na ba do leigint isteach sa gcoill agus dubhairt sé nach leigfeadh. Lá ar na bhárach leig sé na ba isteach sa gcoill. Tháinig fathach amach, agus thosaigh an bheirt ag troid, agus mharbhuigh Badaoin an fathach. Nuair a tháinig na saighdiurí d'iarr siad den rí ar leig siad sé [?] na ba isteach agus dubhairt sé nár leig Lá ar na bhárach dubhairt siad an rud
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Nuadhain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Antona Ó Dochartaigh
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Gort Breac Thuaidh, Co. Mhaigh Eo