Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)céadna leis agus nuair a fuair sé imthighthe iad leig sé na ba isteach arís, agus tháinig fathach amach agus bhí dhá cheann air agus thosaigh an bheirt acú ag troid agus mharbhuigh Badaoin é. Sa tráthnóna nuair a tháinig na saighdiurí d'iarr siad air, ar leig sé na ba isteach agus dubhairt sé nár leig. Lá ar na bhárach dubhairt siad an rud céadna leis agus tháinig fathach amach agus bhí trí cinn air agus thosaigh an beirt acú ag troid agus gheárr sé na trí cinn de. Nuair a tháinig na saighdiurí bhíodar tuirseach ag troid agus d'iarr siad de ar leig sé na ba isteach arís Dubhairt sé nár leig. Lá ar na bhárach nuair a fuair sé na saighdiurí imthighthe leig sé na ba isteach Agus céard a tháinig amach as an gcoill ach sean-chailleach bhí lámh amháin uirthi agus cos amháin agus cluas amháin. Thosaigh an bheirt acú ag troid agus ghearr sé an chos dhí agus gearr sé an lámh dhí agus ghearr sé an cluas dhí, agus dubhairt sé annsin nach raibh sé ndon tada eile a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Nuadhain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Antona Ó Dochartaigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Gort Breac Thuaidh, Co. Mhaigh Eo