Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)

Suíomh:
An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Tomás Mac Gearbhuigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 707

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 707

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inbhear
  2. XML Leathanach 707
  3. XML “Scéal - Badán an Bhoilg Riabhaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus cíoch amháin. D'iarr sí gan Baideán cé acu a b'fheárr leis corruigheacht ar leacracha dearga ná dul go sgeana glasa móra in easnach a chéile. "A ní chuirfeadh mé mo chraicean geal suas le taobh do craicean bróch sa;" béid speár againn leis na sgeana." Thosuigh an bheirt acu ag sgeanadh a chéile agus bhain an Baideán cíoch dí. "O m'anam gur maith an gar a rinne tú dhom is an slibirín go cíoch a bhaint díom bhí se crachadh síor is aniar is é ag tigheacht in mo bealach." "Muise níl mé in do diaidh ort a chailigh bhróig bíodh agat." Bhí siad ag dhul dhá chéile ar feadh tamaill maith agus ar deireadh thiar bhain sé an chos dí. "Ó is maith an congnamh a thug tú dhom; tá mé i bhfad níos daingnigh na mar bhí mé." "Bíodh agat níl mé in-a dhiaidh ort." Bhí siad ag dhul dhá chéile annsin go ceann sgathamh maith agus ar deireadh bhain sé an lámh dí. "O tá mé réid anois ní thig liom breith ar an claidheamh is má leigeann tú as seo mé tabharfaidh mé mo chaisleán is mo chuid óir is airgid is gach ar bhain dhom dhuit agus is tú an gaisgídhe is fearr sa domhan." "Níl aon chaill agam
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Muiltheach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gort Meille, Co. Mhaigh Eo