Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 706](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0130%2FCBES_0130_706.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 706
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé na trí claigne dé. Sháith sé an claidheamh isteach in-a chluais agus chroch sé ar a ghualainn é go dtanaig sé go dtí an cheis agus chait sé annsin é. "Ná síl nach maith an cheis a bhéas agam" ar seisean. Chuaidh sé abhaile agus ghlan sé an teach agus ní raibh sé i bhfad go dtanaig na triúr gaisgídhe agus iad sgialta, geartha, trom tuirseach. Dúbhairt duine acu. "Níor chualaidh muid acht géim cailigh anocht: caithfidh go bhfuil rud mór le n- éirghe duinn." "Béidir gur níos lúgha ná sin é" arsan Baideán. Leis sin fhéin d'ith siad a suipéar agus chuaidh siad a chodladh. D'ith an Baideán a shuipéar fhéin agus chuaidh sé chodladh. Chómh luath gearr is ghealaigh an lá d'imtigh na triúr gaisgídheach ag troid. Nuair a bhí sé sgathamh sa la, d'éirigh an Baideán agus d'ith sé a bhricfást agus shiubhal sé amach agus chuaidh sé suas ar an gcrann chéadhna agus thosuigh an ceann thuas ag dhul ar an gceann thíos agus an ceann thíos ag dhul ar an thuas an crann cam ag diriúghadh agus an ceann díreach ag lúbadh agus ní raibh sé i bhfad go dtanaig an cailleach grána amach agus ní raibh aice acht súil amháin, cos amháin, lámh amháin,(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Muiltheach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort Meille, Co. Mhaigh Eo