Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)

Suíomh:
An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Tomás Mac Gearbhuigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 719

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 719

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inbhear
  2. XML Leathanach 719
  3. XML “Codladh Dhonncha Chonaill i mBeann Éadain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    filleadh abhaile agus Rólaigh a chosaint ach b'fhearacht sin leis an gcéad mac é. An treas feacht labhair an rí go binn blasta bladarach leis an mac a b'óige agus dubhairt " A Conaill as tusa nach ndéarnoidh ariamh acht mo chómhairle. Fill abhaile agus bí mar thaca agus chosantóir ag roighain Éirinn." "Tá go maith a athair ars an mac agus thug a aghaidh ar ais go h-Éirinn. Acht nuair a shroich sé fuinn glas Fódhla ní dearnaidh sé acht cuairt a thabhairt ar mhnaoi a bhí i ngrádh leis agus níor bhac sé le na mháthair. Chuir an chailín feara no fáilte roimhe agus chaith siad an oidhche seal le fiannaidheacht, seal le sgéaluidheacht agus seal le soirm sámh agus síor codladta. Ar maidin lá ar na mhárach chuaid Conaill agus an cailín amach ag spaisteóireacht. Bhíodh trí gárda i gcómhnuidhe ag faire ar an gcailín ar fhatchíos go dtógfaidh ar siubhal í.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Muilleach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gort Meille, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Pádraig A Conraos
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Rinn na Sionnach, Co. Mhaigh Eo