Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inbhear
- XML Leathanach 789
- XML “Scéal - Cromleac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal. Crom -leac.
Timcheall trí bhliain ó shoin nuair a bhí muinntir Gort-na -Maoile ag cartadh graibhéil le h-aghaidh bóthar ar thalamh fear de na Caonacháin, tháinig siad ar áit a raibh clocha déanta suas mar bheadh balla. Bhain siad amach cuid de na clocha agus chonnaic siad go raibh poll déanta isteach ann.
Dhearc siad isteach go bhfeiceadh siad céard a bhí ann agus chonnaic siad rud geal eicínt mar bheadh cluach nó sligeáin. Chuir duine aca isteach a lámh mar bhí fhios aca go raibh rud eicínt aisteach ann agus bhain sé amach lán a dhoirn de chnámhaí dóighte.
Chuir siad cundas chuig an sagart ansin theacht agus nuair a tháinig sé dubhairt sé go mbfeárr dhóibh dhul faoi dhéin na gardaí.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Muilleach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort Meille, Co. Mhaigh Eo