School: Inbhear (roll number 12568)
- Location:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Mac Gearbhuigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inbhear
- XML Page 789
- XML “Scéal - Cromleac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal. Crom -leac.
Timcheall trí bhliain ó shoin nuair a bhí muinntir Gort-na -Maoile ag cartadh graibhéil le h-aghaidh bóthar ar thalamh fear de na Caonacháin, tháinig siad ar áit a raibh clocha déanta suas mar bheadh balla. Bhain siad amach cuid de na clocha agus chonnaic siad go raibh poll déanta isteach ann.
Dhearc siad isteach go bhfeiceadh siad céard a bhí ann agus chonnaic siad rud geal eicínt mar bheadh cluach nó sligeáin. Chuir duine aca isteach a lámh mar bhí fhios aca go raibh rud eicínt aisteach ann agus bhain sé amach lán a dhoirn de chnámhaí dóighte.
Chuir siad cundas chuig an sagart ansin theacht agus nuair a tháinig sé dubhairt sé go mbfeárr dhóibh dhul faoi dhéin na gardaí.(continues on next page)- Collector
- Máire Muilleach
- Gender
- Female
- Address
- Gort Meille, Co. Mayo