Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
- XML Leathanach 228
- XML “Bia”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fad'ó déantaí arán dhe min coirce agus dhe eorna. Sé an chaoi a ndéanadh siad arán dhe eorna mheileadh siad an eorna le bró go mbéidh sé cómh mín le plúr. Bhácaladh siad annsin san oighean é. Dhéanadh siad aran dhe mhin coirce cómh maith, agus déanann go fóill.
Ní bhíodh acú ach trí béilí sa lá. Ar maidin bhíodh brochán min choirce, agus bhíodh fataí ag am dinnéir, agus tae agus arán min choirce tráthnóna, agus fataí arís san oidhche. Sa tsamhradh ní bhíodh fataí acu ach go Mí Bealtaine - brochán agus tae a bhíodh acu go mbainfí na fataí úra.- Bailitheoir
- Éamonn Ó Muireadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Corrán Buí, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Mártan Ó Muireadhaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Corrán Buí, Co. Mhaigh Eo