Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
- XML Leathanach 50
- XML “Seainín na Spúnóg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag an bhfuinneóig ag faire isteach". Rug sé ar a' ghunna agus loisg sé leis amach trid an bhfuinneóig agus thuit an fear bhí taobh amuich. Chuaidh sé féin amach annsin agus fuair sé tuitthe amuich e. Tháinic sé isteach chuaig a mnaoi annsin agus dubhairt go raibh Seáinín marbh aige ar deireadh" Tá sé chomh maith dhuit anois dhul agus é thabhairt leat agus poll a chartadh ibhfad ón teach agus é chur síos ann" arsa an bhean. "Tá sé chomh maith dhom" a dubhairt sé "is ní bhéidh fhios céard d'éirigh dhó".
Bhí Seán ibhfolach inaice an tighe agus bhí sé ag eisteacht ag ag faire ar chuile shórt bhí ag imtheacht. Níorbh fhada gobhfaca sé fear an tighe agus an marbhánach ar adhruim leis agus é imthighthe píosa ón teach. Annsin tháinic Seainín cuig an doras chuig an mnaoi agus athrughadh curtha aige ar a cainnt mar fear an tighe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Goireachtaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Mac Ghoireachtaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo